Lá i gCathú

Tá sé comh maith dom inseacht daoibh faoi imeacht spéisialta a chur beirt Ros Comáineach, mé féin ‘s mo chara, Tonaí Ó Roduibh, ar bun, le tacaíocht ó Chlub Leabhar Chois Fharriage, i gcathair Ros Comáineach nár chuala mórán daoine faoi — *Gaillimh. Is é sin ná Lá i gCathú.
Imeacht cheiliúrtha bhliantúil is ea Lá i gCathú. Déantar comóradh ar na heachtraí a thiteanns amach san úrscéal Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir. Is i mBaile an Chaisil, baile bréige, a bhíonns na heachtraí seo ar siúl, ach is léir gur cathair na Gaillimhe atá i gceist i ndáiríre.
Duine de shárscríbhneoirí na hÉireann ab ea Breandáin Ó hEithir. Foilsíodh a leabhar den chéad uair i 1976, an t-aon leabhar Gaeilge a bhí riamh ag barr an liosta leabhar is mó díol. Go deimhin, deirtear gur díoladh amach i siopa leabhar Kenny’s i nGaillimh an lá ar seoladh é.

Tá an scéal suite le linn Seachtain na Cásca 1949, an bhliain ar fógraíodh Éire ina poblacht ‘s a d’fhág an tír an Comhlathas. Leanann muid mac léinn ollscoile, Máirtín Ó Méalóid, ar a chuid raimleála fad is atá an eachtra stairiúil seo ag titim amach sa gcúlra. Ag an am céanna, is tréimhse chinniúnach í seo i saol Mháirtín. An réiteoidh sé a chuid fadhbannaí lena mhuintir, lena bhean ‘s lena chuid staidéir? Nó an mbainfidh sé amach a neamhspléachas féin, ar nós a thíre féin?

Is éasca go leor na láithreachaí atá luaite sa leabhar a aithneachtáil sa gcathair, fiú go dtí an lá atá inniu ann. Bíodh sin mar atá, ní mór dúinn glacadh leis an bhfírinne nach féidir linn a bheith go hiomlán cruinn faoina láithreachaí i Lig Sinn i gCathú. Go deimhin, bhí orainn bealach na siúlóide a shocrú ar láithreachaí i gcathair na Gaillimhe atá cosúil le chéile, a bheag nó a mhór, do na láithreachaí i mBaile an Chaisil. Sa leabhar, cuir i gcás, níl aon suíomh oiriúnach ar fáil san áit ina bhfuil Óstlann na gCeithre Máistrí (leath slí síos lána cúng in aice leis an Leas-Ardeaglais) – mar sin, roghnaigh muid áit gar dó, ar nós Freeney’s (seanghnáthóg Bhreandáin Uí Eithir).

Ach céard a tharlaíonns le linn na himeachta? Gléasann muid féin in éadaí an ama ‘s, ó Chearnóg na hOllscoile in Ollscoil na Gaillimhe, an áit a dtosnaíonns an leabhar, siúlann muid ó láithreach go láithreach, ag ól piontaí ‘s ag léamh sleachta as an leabhar, ‘s muid ag leanúint léarscáile a tharraing mé de Bhaile an Chaisil. Ní dhéanfaidh mé éitheach libh — is geall le camchuairt na dtithe óil é! Leanann muid Máirtín ‘s a chairde míchlúiteacha go dílis. Itheann muid crúibíní — nó rud eicínt ar a laghad — ‘s ag deireadh na hoíche, bíonn muid chomh dona le Nádúr. Ní bhfaighfeá ómós níos oiriúnaí ná sin!

Tá muid díreach tar éis ár dtríú bliain a cheiliúradh ‘s, le cúnamh Dé, feicfidh muid ár dtríochadú bliain sna blianta atá amach romhainn.
Bíonn an t-imeacht ar bun ar an Satharn atá díreach i ndiaidh an tríú Aoine in Aibreán mar gheall ar dhátaí na Cásca i 1916 ‘s i 1949.

Bígí linn an bhliain seo chughainn fad a cheiliúrann muid chuimhne Bhreandáin Uí Eithir agus a mhórshaothar, Lig Sinn i gCathú.
*Áitíonn mé féin ‘s Tonaí gur thóg Toirdhealbhach Mór Ua Conchobhair — Ros Comáineach bhreá — an dún’s a chathair ag bun abhainn na Gaillimhe ar dtús.

Láithreachaí praiticiúla i gCathair na Gaillimhe a thaganns leis na láithreachaí a luadh i Lig Sinn i gCathú:
14ú/4/49 Déardaoin
Áirse na Cearnóige (Áirse Ollscoil na Gaillimhe)
Droichead Bhéal an Locha (Droichead na mBradán)
Ósta na Mara (Salthouse)
Óstlann an Bhothair Iarainn (Meyrick)
Ósta Mhaggie (Sally Longs nó Java’s)
Sráid na gColmóirí (Sráid na Céibhe)
Teach na gCrúibíní (Beár Fíona Kasba nó Tigh Neachtain)
15ú/4/49 Dé hAoine
Na Dugannaí (The Docks)
Póta Gliomach (Rúibín)
16ú/4/49 Dé Sathairn
Ósta an Chúinne (The Skeff – Café Express – Imperial Hotel)
Óstlann na gCeithre Máistrí (Garavan’s nó Institiúid na Meicneoirí)
17ú/4/49 Dé Domhnaigh
Leas-Ardeaglais (Iarsmaí na Leas-Ardeaglaise)
Óstlann Ríoga (Imperial Hotel – Supermacs)
18ú/4/49 Dé Luain
Halla Damhsa (Óstlann Victoria)
Pléascadh an Leachta (An Fhaiche Mhór)
Leave a comment