Written by

Magh Luirg

Shuíos go tuirseach,
Feascar fliuch fuar amháin,
Imeasc tithe coincréiteacha,
‘S tarra Mhic Ádhaimh.

Leamh liath ‘s liosta,
An radharc,
Faoi shoilse,
na sráide,

Gan chrainn,
Gan fálta,
Gan duilleoga,
Ach torthaí an tionscail ‘s tráchtála.

Faoi bhrat bróin,
M’anam ag ceiliúradh,
Mise bainte amach,
As cuan sámh ciúin mo chroí.

Féachaim i m’intinn,
Ag meabhrú meanmanra,
A mhúsclaíonns aríst,
Seanchuimhní sona,

De chearn,
Caomh iargúlta,
Muinníodh as an Dagda,
Le hais na Sionnaine,

Atá lán,
Le glaisí glasa,
Ag rith go flúirseach,
Síos bóithríní fása.

Dúiche ar bheagán daonra,
Ach mórán spreactha
‘S scothscéalta,
Faoi chrainn chraobhacha,

‘S macallaí seanteanga fós le clos,
Cois tinte móna,
I sibíní seascaire ‘s tithe teolaí,
I bhfad siar.

Leave a comment