Written by

Tráthnóna codlatach céadfhómhair ba ea é. Bhí brat ceo ag titim ar an loch. Ar an aer fionnuar bhí boladh toite ó theallaigh bhladhmannacha in aice láimhe. Go hard sa spéir sheol scamaill bhána go réidh fad is a bhí an ghrian ag dul ina luí san iarthar. Shuigh Giric Ó Ruadhraic ar chloch bheag cois locha le slat iascaigh leagtha arna ghlúin aige, píopa ina bhéal aige agus drantán ceoil ar siúl aige. Sa loch clárach os a chomhair bhí scáil na spéire coineascraí le feiceáil. Loch mór ba ea é, a bhí ina bhaile d’iasc ar leith a raibh gainní dearga air. Bhí Giric ina dhiaidh. Níor rug sé ar cheann amháin ó thosaigh sé air ardtráthnóna, ach ba bheag an crá dó é. Bhain sé taitneamh as an tost. Thug sé faoiseamh dá intinn óna chuid dualgas ‘s ualaí, rud a bhí ag teastáil go géar uaidh le déanaí.

Chaith sé an baoite céanna amach arís. Cuiteoga bándearga a thocail sé aníos ón gcré bhog fhliuch. Bhainfeadh sé triail as uair amháin eile agus dá dteipfeadh air, rachadh sé ar ais go dtí a theachín féin i gCoillbhaile. D’fhan sé agus d’fhan sé ag dúdaireacht an dúidín ina bhéal. D’imigh an ghrian faoi go maorga, ach fós níor rug sé ar aon rud. Bhí sé ar tí imeacht nuair a mhothaigh sé gluaiseacht arna dhorú. Shlog iasc éigin an baoite! Tharraing sé an dorú isteach agus tháinig an t-iasc go barr uisce. Thit sé ar an talamh os a chomhair ag lapadáil go fíochmhar i linnín uisce. Sheas sé ag féachaint síos arna ghabháil. “Tá tú agam anois!” ar sé go caithréimeach agus é ag tógáil an duáin iarainn óna bhéal. Chuir Giric an t-iasc ina mhála olla agus idir sholas an lae agus na hoíche bhuail sé an bóthar abhaile.

Tháinig na réaltaí amach le titim na hoíche. Rinceadar go socair sa spéir mar a rinneadar ó chruthú na cruinne. Shiúil Giric mílte fada sula bhfaca sé soilse an tsráidbhaile i bhfad uaidh. “Á, faoi dheireadh thiar thall…” ar seisean go buíoch agus tuirse air. Bhí sé ag súil go mór le tine mhór the agus blas an éisc a bhí tuillte go maith aige. Bunaíodh Coillbhaile le linn teacht na dTorlannach go hÁlainntír i gcianaimsir. Bhí a fhoirgnimh scaipthe, néata agus tógtha go maith as adhmad agus cloch. Chuaigh Giric thar Ósta an tSealgaire, a bhí lán ó chúl go doras, in oirdheisceart an bhaile agus thug sé a aghaidh ar Halla an Ardtiarna ina chroílár. Ní raibh duine na deoraí ar na sráideanna ach na gardaí oíche arna bhfaire. Bheannaigh ceann acu dó.

“Oíche mhaith duit, a Ghiric!”

“Is é do bheatha, a Chathail! An bhfuil tú ar faire na hoíche?”

“Ó tá…ar an drochuair dom féin. Ó chontráth go meán oíche. B’fhéidir go rachainn go dtí an Sealgaire nuair atáim críochnaithe. Céard fútsa?”

“Ara, níl an giúmar ceart orm anocht.”

“Ceart go leor mar sin. Ach cuimhnigh! Tá deoch agat orm.”

“Ó cuimhneod! Oíche mhaith.”

Chuaigh Giric chuig Halla an Ardtiarna agus thóg sé an chéad chasadh eile ar chlé. Bhí a cheann scríbe le feiceáil cúpla céim amach os a chomhair thíos ag bun an bhóthair ar bhruach an bhaile. D’oscail sé an doras. “Tá tú ar ais!” a dúirt glór láidir fearúil os ard. “Táim.” a d’fhreagair sé. “Is mithid! Tá mé stiúgtha!”. Ba le Somhairle Ó hÍr an guth, ridire Ruadhrcach agus fathach fir a raibh mór agus maol. An ghruaig ba cheart a bheith arna chloigeann, bhí sí arna aghaidh.

“Bhuel, mar is eol duitse, is í an tslí is fearr le bia a fháil ná é a fháil tú fhéin nó é a fhás tú fhéin. Ní gheobhaidh tú aon rud i do shuí cois tine ar do thóin!” ar Giric de fhreagra. Phléasc Somhairle amach ag gáire de phreab. “Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat.”

“Éist, réitigh seo! Tabharfaidh mé a leath duit.” a dúirt Giric mar a chaith sé a mhála leis an iasc chuig Somhairle. “Gabháil bhreá! Tá tú le moladh. Déanfaidh sé an gnó.” a d’fhreagair sé. Ní fada ina dhiaidh sin líon an seomra le boladh na cócaireachta agus shuíodar síos le n-ithe. Chuir Somhairle brúitín ar im agus cairéid ar an mbord leis an iasc.

“An mbeidh meá agat?” a d’fhiafraigh sé de Ghiric.

“Ní bheidh. Go raibh maith agat.”

“Déan do chomhairle féin mar sin. Beidh buabhall agam ar aon nós.”

D’oscail sé buidéal de Mheá Dhíseartáin agus líon sé a chorn go béal. “Sláinte na mban!” a dúirt sé mar a bhain sé slog mór as a dheoch. Dhoirt sé cuid arna fhéasóg fhada dhubh a raibh ribí liatha anseo is ansiúd air. Rinne sé brúcht os ard agus chuimil sé a bhéal le cúl a láimhe.

“Thug mé cuairt ar an ósta nuair a bhí tú ag iascaireacht.” a lean sé. “Ní raibh éinne nua istigh seachas an seandream céanna.”

“Sin trí seachtaine anois gan scéal ó Idirlinnte, Iarhalla nó aon áit eile sa deisceart. An bhfaca na scabhtaí rud ar bith inniu?”

“Chonaic cuid acu dhá chomplacht ag dul go Strapa ar an gClochshlí, ach sin é. Caithfidh go bhfuil an t-Arm Flaitheasach ag cur baic ar ghluaiseacht lastuaidh d’Idirlinnte.”

“Caithfidh. Tá rud éigin ar cois gan amhras. Tá súil agam go mbeidh scéalaí éigin in ann briseadh tríd go luath agus léargas a thabhairt dúinn ar chúrsaí ó dheas.”

“Le cúnamh Síorsholais.”

“Go deimhin. Níl mise ag iarraidh níos mó dár bhfir a chur i mbaol gan ghá. Chaill muid ár ndóthain le bliain anuas mar atá.”

Chlaon Somhairle a cheann.

Leanadar ar aghaidh ag ithe a mbéilte. Nuair a chríochnaíodar, chuadar cois teallaigh agus thógadar a bpíopaí amach. Chomh luath agus a shuigh an bheirt acu síos, áfach, buaileadh trí chnag trí huaire ar an doras. D’iompaíodar a gcloigne ina threo. “Iadsan atá ann!” a dúirt Somhairle go gasta. Phreab sé in airde agus shiúil sé go beo i dtreo an dorais. D’oscail sé é. Nocht beirt fhear a raibh cochaill orthu amach as an dorchadas.

“Mo bheirt mhac! Tá fáilte romhaibh ar ais a bhuachaillí! Tagaigí isteach.” a dúirt Somhairle agus é ag breith barróg orthu.

“Go raibh maith agat, m’athair meidhreach! Is fada an lá ó bhí muid anseo.” arsa Cian.

“Go cinnte dearfa, agus fáilte! Is deas sibh a fheiceáil arís.” a d’fhreagair Giric go sásta. Bheannaigh an péire dó agus chroitheadar lámha leis.

“A thiarna, tá sé go maith a fheiceáil go bhfuil tú ar mhuin na muice.” arsa Odar go measúil.

“Tá sé go maith a fheiceáil go bhfuil sibhse slán sábháilte! Agus ná tabhair ‘tiarna’ orm, a Odair! Tá tú i measc cairde. Cén chaoi a raibh bhur dturas?”

“Fada agus tuirsiúil, a Ghiric Rua. Bíonn sé deacair a bheith ag marcaíocht agus saighdiúirí Flaitheasacha ar do thóir thoir ‘s thiar sna Lochlanna. Cuireann sé ocras ort! Agus tá mo thóin bhreá álainn scriosta…” arsa Cian.

“Há! Nach cinnte go gcuireann agus nach cinnte go bhfuil, a Chian chróga chaite! Bainigí díbh bhur mbrat. Suígí síos. Bíodh rud éigin le n-ithe agaibh.”

Shoilsigh an tine a n-aghaidheanna agus nocht sí an chuma a bhí orthu. Ba stócaigh iad. Beag beann ar a n-aois, bhíodar fíoránta, dílis agus urrúnta. Tuineacha a chaitheadar faoi armúr pardógach a thug cosaint éigin dóibh. Réitigh Somhairle anraith uachtarúil agus arán úrbhácáilte do na taistealaithe. Shuigh cách ina leathchiorcal ar chathaoireacha timpeall an teallaigh.

Tar éis roinnt bia agus giob geab faoina dturas chuir Giric ceist ar na stócaigh.

“Ar chuir sibh bhur gcúram i gcrích?”

Ní bhfuair sé freagair láithreach. Chuir an ciúnas in iúl nach mbeadh nuacht mhaith le teacht. Ghlan Odar a scornach agus dhírigh gach duine a n-aird air.

“Níor chuir muid, a thiar…a Ghiric!..gabhaim pardún agat. Ar chapaill a chuaigh muid go cúige Ísleáin, agus bhí sé de cheart againn fanacht orthu gan tuirling. Trí mhí san iomlán a bhí an turas, mar b’éigean dúinn dul tríd na lochbhealaí chun na Flaitheasaigh a sheachaint. Nuair a shroich muid Díseartán d’fhán muid ansin lá i ndiaidh lae ar éisteacht…gan fáilte cheart ba chóir dom a rá…ach níor thug an ruire ceann dúinn. Dúirt a chuideachta go dtabharfaidh sé éisteacht ach do dhuine ar chomhchéim leis féin.”

Ar chloisteáil dó faoinar tharla d’fhéach Giric isteach sa tine os a chomhair gan focal a rá. Líon an seomra le brioscarnach bhog an tine mar a rinc scáileanna ar na ballí.

“An t-amadán sin Donnacha Ó Dailbhre!” a bhéic Somhairle go feargach agus aghaidh dhearg air. “Céard is fiú dó a bheith i bhfolach ar chúl nósanna na Toraoise? Tá a fhios agam go bhfuil sé ag iarraidh a bheith cúramach. Tá neart daoine faoina fhreagracht. Ach ina dhiaidh sin is uile, beidh an Flaitheas ag iarraidh a gcuid cosa a chur fúthu ina ríocht fhéin. Agus ní tuairimíocht é sin níos mó ach an oiread! Mura bhfaigheann siad talamh torthúil atá séasúrach agus gan mhilleadh, beidh siad i mbéal an bháis leis an ocras, agus go luath! Tá m’fhaisnéiseoirí sa Fhlaitheas ag rá go bhfuil easpa bia ansin faoi láthair. Tá sé ag dul i méid mí i ndiaidh míosa. Deirtear go bhfuil leite mar phríomhchothú ansin anois! Tá a ndúiche fhéin róphlódaithe, a dtailte róshaothraithe agus a gcríocha cloíte carta. Is é fairsingiú an t-aon bhealach ar aghaidh dóibh.”

“Bhaineadar slat a sciúr iad fhéin, agus is muidne a gcéad íospartaigh nua.” arsa Odar.

“Go díreach. Tá talamh curaíochta in Ísleán. Is dócha go mbeidh sé ina chéad choncas eile go gairid.” a d’fhreagair Cian.

Stad an comhrá agus líon ciúnas machnamhach an seomra. Bhí Giric fós ag breathnú isteach sa tine. Gheal a dhearglasracha a fhéasóg rua. Bhí sé ag súil go bhfilleadh Cian agus Odar ar ais agus soscéala acu, ach faraor bhí sé fágtha tromchroíoch. Bhí trí bliana ann ó rinne an Flaitheas ionradh arna dhúiche. Bhí an chéad bhliain go leith lán de scirmisí beaga leanúnacha agus an corrchath. Mhill cath amháin den sórt sin, Cath Dhíseart Nuan, cumas na Lochlann dul chun cogaidh. Díseart Nuan an Áir a thugtar air sa ghnáthchaint, mar gheall ar mharbh na Lochlann a chuimsigh ní hamháin drong mhór uaisle na Lochlann, ach ruire na Lochlann, Anlúan Mac Duibhir.

Scaip iadsan a tháinig slán as an gcath i mbuíonta beaga ar fud an chúige, ach níor imíodar roimh thoghchán ruireach nua chun comhraic a eagrú sa todhchaí. Ba é Giric an fear a roghnaíodar, de bharr a chuid léinn, a fholláine agus a thaithí. Ina dhiaidh a thoghcháin chuaigh sé ó thuaidh chuig Coillbhaile agus complacht beag aige a chuimsigh Somhairle, Cian agus Odar. Ó Choillbhaile chuardaigh sé cabhair ó ruireacha in aice láimhe agus é ag treorú agus ag déanamh ruathar i gcoinne fórsaí an namhad. Ach ní dhearna a chuid iarrachtaí blas ar bith maitheasa dó. Neartaigh an Flaitheas a smacht sa chúige, cé is moite de dhornán áiteanna. Chomh fada agus a bhain sé le Giric, ní raibh sé ag déanamh a dhóthain, agus ní fhéadfadh sé fanacht go díomhaoin feasta. Bhí air cúnamh a fháil ó Ísleán, agus gan mhoill.

Sheas sé suas agus shocraigh sé é fhéin os chomhair an teallaigh. Thiontaigh sé a dhroim ó ghríosach dhearg na tine agus d’fhéach sé arna chairde ag déanamh a marana.

“Tá rogha amháin fágtha againn.” ar seisean. “Caithfidh sibh dul ar ais, agus mise libhse an t-am seo….agus sula dtiocfaidh cúr le do bhéal, lig dom mo smaoineamh a mhíniú, a chairde. Má cuimhin libh, rinneadh cinneadh anseo trí mhí ó shin go seolfaí Cian agus Odar go hÍsleán thar mo cheannsa chun cúnamh a fháil. Bhí mise ina aghaidh, ach dúirt sibh go mbeadh sé róbhaolach domsa. Bhí priacal mór ann go mbéarfaí orm nó go marófaí mé. Bhí an ceart agaibh, a ghéillim a rá. Tá na Flaitheasaigh ar fud na bhfudanna. Ach, seo anois muid trí mhí níos moille gan aon dul chun cinn ar an ábhar seo, cé nach raibh sé mar gheall ar easpa iarrachta ar chor ar bith. Molaim bhur gcuid iarrachtaí, a bhuachaillí, ach caithfidh mé dul ann. Tá aithne agam ar Ruire Donnacha ó thosach a óige. Labhróidh sé liom. Éistfidh sé liom.Tá sé faiteach, ar ndóigh, cosúil linne, ach tá muinín agam, áfach, go mbeidh mise in ann a intinn a athrú. Chomh maith leis sin, ní féidir liom fanacht ar mo bhundún níos mó. Tá an Flaitheas ag éirí níos láidre in aghaidh an lae. Caithfead deifir a dhéanamh. Caithfead rud éigin a dhéanamh!”

D’fhan Cian agus Odar ina dtost. A gcloigne cromtha agus iad gafa ag a smaointe féin. Bhí Somhairle féin ina shuí arna chathaoir. A láimhe trasna ar a chéile, a shúile dúnta agus a cheann faoi aige. Ní raibh sé an-sásta faoin méid a dúradh. Cheap sé gurb ionann an beart seo agus dul i mbaol do bhuailte. Bhí a fhios aige go raibh maidhm threascrach i ndán do na Lochlanna agus nach raibh an tsaoirse acu roghanna eile a mheas. Mar sin, d’oscail sé a shúile, d’ardaigh a cheann agus d’fhéach arna chara.

“Is tusa ruire na Lochlann. Is leatsa an cinneadh. Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú…agus is dóigh liom go mbeifeá níos sábháilte má tá mise leatsa!” a dúirt sé agus straois air anois.

“Agus leanfaidh mise, ar m’onóir.” arsa Odar agus lámh á chur thar a chroí aige.

“Mé féin san áireamh, fad is go dtugann tú diallait nua dom!” arsa Cian.

Tháinig meangadh ar aghaidh Giric. D’imigh an drochghiúmar a bhí air. Bhí sé in ann dul i mbun gnímh chun saoirse a bhaint amach dá thír dúchais.

“Go raibh maith agaibh, a chairde dílse. Le teacht na maidine trí lá ón lá seo inniu, rachaidh muid go hÍsleán. Idir an dá am, is féidir linn diallaití a chur ar na capaill, soláthairtí a phacáil agus cibé rud eile a chaithfidh muid a dhéanamh. Ach i dtosach báire…A Shomhairle! Faigh an buidéal sin! Seo hé an t-am is cirte le haghaidh meá, ceapaim.”

“Ha, há! Mo sheacht mbeannacht ort!”

Chuaigh sé chun buidéal nua de Mheá Dhíseartáin a fháil, mar d’ól sé as féin cibé a bhí fágtha den cheann deireanach. Bhain sé anuas ón tseilf sa chistin é agus fuair cúpla corn eile. Líon sé gach ceann go barr agus dháil sé iad. Sheas gach duine in airde. D’ardaíodar a gcoirn dá chéile.

“Go stiúra Síorsholas muid slán sábháilte go hÍsleán!” arsa Giric.

“Go háirithe tar éis an bhuidéil seo!” a bhéic Somhairle.”

Ligeadar racht gáire astu agus d’ól go domhain.

Leave a comment