Bhí sé ina shuí ar chathaoir adhmaid. Ní raibh de sholas ina sheomra ach a dtáinig ón ríomhaire. Thapáil a mhéara tanaí leo ar an méarchlár a bhí breac le deannach, amhail is go raibh sé ag bualadh fonn ar phianó tréigthe gan fuaim. Bhí a shúile sreangacha ar snámh os cionn málaí dubha. Bhíodar gafa ag ga bánghorm an mhonatóra. Beag agus trí chéile a bhí a sheomra. Ba gheall le gort é inar fhás iomairí d’éadaí salacha agus mullaí de bhruscar do-aitheanta go fras. Bhí a leaba clupaideach brúite isteach sa gcúinne agus bhí dallóga dubha tarraingthe aige ar an bhfuinneog.
B’annamh leis dul as an seomra. D’imeodh sé uaidh nuair ab éigean dó dul ag obair nó bia a fháil ón bhfear seachadta. Anois ‘s arís, chuaigh sé chuig an leithreas; agus nigh sé é féin nuair a bhí gá leis. Ach seachas na bearta seo, chaith sé an chuid is mó dena chuid ama sa seomra, ar an ríomahire, i ndiaidh oibre.
Ina shuí ag a dheasc, sheiceáil sé an t-eolas is deireanaí ar Facebook, agus d’fhreagair an cúpla cara a bhí fanta aige ón ollscoil. Chaith sé súil thapa ar ailt nuachta agus rannáin na dtráchtanna, agus chúlfhair ar chláir theactaireachtaí ar líne, ach níor leag sé a intinn orthu. Bhí a ghníomhartha róbatúil agus folamh ó infheistíocht mhothúchánach.
Bhí luaithreadán, ar a raibh toitín draíochta leathchaite ina luí air, in aice lena mhéarchlár. Las sé cipín, dhearg an toitín draíochta agus bhain trí ghal dhoimhne as. Bhí an cineál raithní seo láidir. Ní fada gur éirigh scamall suaimhneach ar a intinn. Fuair sé é féin ag stánadh ar an scáileán breoch, gan a bheith in ann smaointe a chur i ndiaidh a chéile nó a tharraingt amach uaidh. Lig sé osna as. Scaití, bhuail fonn é an timthriall a bhriseadh. Ach, le himeacht ama, d’éirigh an tasc dosháraithe. Ag an obair, bhí sé ina uirlis aige. Sa tsochaí, bhí sé ina phointe teagmhála aige. I mbeatha, bhí se ina sheifteoir bídh aige agus sa mbaile, bhí sé ina sholáthraí siamsaíochta aige. Bhí sé dosheachanta. I ngreim na teicneolaíochta a bhí sé. Ach ní hé seo ach cuid den fhadhb. Bhí sé sáinnithe i bpost ar phá íseal, ar bheagán measa, ar bheagán dínite, ar bheagán socair agus gan tada i ndán dó. Fadó, cheap sé go bhfhéadfadh sé aon rud a dhéanamh. Cheap sé go rachadh sé go harda iontacha an tsaoil acadúil, polaitíochta nó scríbhneoireachta. Pé ní a dhéanfadh sé, cheap sé go mbeadh sásamh agus meas aige. Faraor, tháinig a sciatháin as a chéile i solas na gréine agus thit sé isteach i jab naoi go dtína cúig.
Ní raibh sásamh ar bith ann. Gach uile maidin, réab sé é óna bhrionglóidí agus chaith amach é ar shráid na réaltachta. Ar a bhealach chun na hoibre, láidreodh sé a intinn i gcoinne tráilleacht an lae. I ndiaidh clogáil isteach, shuífeadh sé síos agus chuirfeadh a ghléas cinn suarach géar air. Mhothaigh sé mar dhaorslabhra dó. Bhí a dheasc néata agus leamh, agus coinnithe amhlaidh óna chéad laethanta sa bpost, nuair a cheap sé nach raibh ann ach céim ar an aistear.
Bhí tráth ann nuair a ghuífeadh sé maidin mhaith go dílis dona chomhghleacaithe, ach d’imigh an t-am sin, agus an t-aon rud a d’éirigh leis a dhéanamh anois ná gnúsacht a thabhairt dóibh. D’ainneoin go raibh fuath aige ar a obair, bhí sé buíoch den fhostaíocht; ach bhraith sé go hainnis mar sin féin. Ní fhéadfadh sé a rá tuige gur bhraith sé mar sin go baileach, agus nuair a bhí freagra in aice láimhe, scaipfeadh sé i solas gorm an mhonatóra nó deatach an toitín draíochta.
Phreab teachtaireacht aníos ar a scáileán. Bhí rabhadh dearg stoirme eisithe do chósta thiar na hÉireann, agus moladh do dhaoine i gceantair chósta gan a bheith ag taisteal agus fanacht sa mbaile don lá arna mhárach. Scaoil sé lena chorp. Ní raibh air dul ag obair. D’éirigh sé óna chathaoir agus bhain an dallóg den fhuinnog. Bhí an chathair agus an fharraige an-chiúin faoi sholas na gealaí. Ní cheapfá go dtiocfadh anfa ar bith orthu go deo arís. Chuaigh sé ar ais chuig an ríomhaire agus d’oscail leathanach gréasáin a bhí leabharmharcáilte aige ar an mbrabhsálaí. Suíomh seoltóireachta a bhí ann. Ba é mian a chroí bád a sheoladh. Choinnigh sé é faoi ghlas ina anam agus bheathaigh é fad is a bhí sé ag léamh faoi theicnící seoltóireachta nó ag breathnú ar fhíseáin bhádóireachta ar líne. Chreid sé go raibh saoirse mhór le fáil ar an bhfarraige. D’fhéadfadh sé farraigí an domhain a thaisteal ar a luas féin, gan a bheith buartha faoi lóistín nó faoi chostais mhóra, agus d’fhéadfadh sé é féin a dhealú ó cheangail na sochaí. Thóg sé roinnt ranganna beagnach bliain ó shin, ach sin é an méid a rinne sé i dtreo chomhlíonadh a mhéine.
Ba mhinic leis siúl síos Sráid na Cé, thar Thigh Uí Neachtain, go dtí An Póirse agus breathnú amach ar na báid seoil i gCuan na Gaillimhe. Ar a bhealach abhaile, ba nós leis dul thar Ché an Chladaigh agus sásamh a bhaint as bád ar leith. Gleoiteog uaigneach dearmadta darb ainm Aisling. Ba í an cineál báid a bhí ag teastáil uaidh. Bád beag dubh adhmaid agus seolta dearga uirthi len é a bhreith thar Iarchonnachta agus Inis Bó Finne, go dtí oileáin Mhaigh Eo agus droimníní leathbháite Chuan Mó, agus áiteanna níos sia ná sin. Shamlaigh sé é féin ag seoladh siar agus ag dul sa tóir ar Uí Breasail, nó Eamhain Abhlach, nó na hoileáin thuaidh i dtuaisceart an domhain, as ar tháinig na Tuatha Dé Danann. Lig sé osna as aríst. Nár dheas dá mbeadh sé de chumas aige éirí as an timthriall.
D’oscail sé leathanach gréasáin eile agus thapáil isteach sa mbosca cuardaigh ainm cláir. Cé go mbeadh sé ag tromthapáil le linn argóintí idirlín agus babhtaí cluichíochta, b’fhearr leis a bheith ina chnuchaire os cionn a mhéarchláir, ag cúlfhaire ar chláir teachtaireachtaí. Bhain sé taitneamh as an gcumarsáid ghreannmhar fhuinniúil a rinne sé leis na tráchtairí orthu. Rinneadar scigmhagadh faoi gach uile rud. Throlláladar a chéile agus d’fhoghlaim sé faoi sheoltóireacht ó dhaoine le taithí acu, agus rudaí eile. Ba chosúil gur cairde leis iad, cé nar bhuail sé leo riamh. Bhí an catalóg lán le snáitheanna anocht.
Chliceáil sé ar cheann díobh agus thosaigh ag léamh. Ar a dó a chlog, mhúch sé an ríomhaire agus chuaigh chuig a leaba. Chuir sé air a chluasáin, roghnaigh seinnliosta de cheol suaimhneasach agus le seifteanna sraoilleacha lena shaol a athrú ina chloigeann aige, thit sé ina choladh. Ní bheadh sé réabtha óna aislingí anocht.
D’éirigh sé thart ar leath i ndiaidh a naoi sa mhaidin ghruama. Bhí sé in ann glafarnach na gaoithe i gcoinne a fhuinneoige a chloisteáil. Bhí an stoirm tagtha. Níor sheinn ceol óna chluasáin. D’fhéach sé ar a ghuthán agus chonaic nach raibh ceangal leathanbhanda ar fáil. Sheiceáil sé a shocruithe gutháin agus é ag súil le hathcheangail a dhéanamh leis an Wi-Fi. Bhí a mhóideim i gcónaí lag. Nuair a scrúdaigh sé é, áfach, ní hamháin nach raibh a Wi-Fi le feiceáil, ach Wi-Fi a chomharsan ach an oiread. Thuisligh sé leis óna leaba agus thar go dtína ríomhaire. Chas sé air na lasca ag an soicéad balla agus bhuail an cnaipe ar an bhfonnadh. Theip air le lasadh. Bhain sé triail as an solas ina sheomra. Theip air freisin. Chuaigh sé síos staighre agus bhain triail as chuile fearas eile sa dteach, ach bhí sé mar an gcéanna. Ag glacadh leis go ndeachaigh an leictreachas as de bharr na stoirme, d’fhill sé ar a sheomra.
D’fhéach sé amach trína fhuinneog. Ní raibh mac an bhéil bheo ar na sráideanna. Rinc craobhacha na gcrann go fiáin leis an ngaoth fad a bhí an fhearthainn go dian ag tíocht as crioslach na spéire mar a bheadh saighead ar luas. D’imigh sé ar ais chuig a leaba agus luigh air. Bhreathnaigh sé ar an tsíleáil. Le heaspa aibhléise, ní raibh sé in ann a ghnáthnósanna a shásamh nó é féin a chur as a mheabhair. D’oscail sé bord cois leapa agus thóg amach mála raithní. Bhí sé folamh. Chaith sé an méid a bhí fágtha aige aréir agus ní raibh sé in ann mála eile a fháil óna dhíoltóir ar lá mar seo; go háirithe nuair nach raibh creidmheas gutháin aige. Chaith sé an mála folamh uaidh go feargach. Thosaigh a bholg ag geonaíl. Bhí ocras air.
D’éirigh sé suas agus chuaigh síos staighre. Ní raibh bia ar bith sa gcisteanach seachas gránach agus braoinín bainne. Thóg sé amach babhla, dhoirt gránach agus bainne isteach, agus shuigh chun boird. Chuala sé é féin ag mungail. Bhí an chisteanach leamh lom ar nós halla tuaithe i mbaile fearainn bánaithe. Chuir an loime ar a shúile dó ciúnas agus folús an tí, agus mhacallaigh sé cé chomh folamh is a bhí a shaol gan a ríomhaire agus an t-idirlíon. Ach, mar sin féin, bhraith sé folús eile. Bhraith sé é cheana féin. Bhí sé mar a bheadh ainmhí stalcaireachta ann, ag faire air ón bhféar fada lena shúile creachacha. Bhí rud éigin athraithe faoi an tráth seo, áfach. Ní raibh sé i bhfad uaidh níos mó. Bhí sé cóngarach, agus ar an tóir.
Thosaigh an ghaoth ag feadaíl go géar tríd na píopaí fad a rinne an fhearthainn cliotar cleatar ar an díon. Sheas sé suas, ghlan amach a bhabhla agus chuaigh ar ais chuig a sheomra. Chuir sé air a chuid éadaí agus rinne toitín tobaic dó féin. Shuigh sé ag a dheasc. Bhí an monatóir dubh. D’fhéach sé thart ar a sheomra. Ní raibh aon rud ann seachas salachar. Gan an t-idirlíon, ba gheall le tuama é, a smaoinigh sé, ar nós an chuid eile den teach: ciúin agus leamh. Dhruid an mothúchán leis aríst. Spreag sé smaoineamh. “Abair go bhfuil an tuama seo domsa?” a smaoinigh sé. “Do mo shaol?” D’fhág ábhar na ceiste míchompordach é. Sheas sé suas agus chuaigh chuig an seomra folctha. Agus an toitín buailte de smeach aige isteach sa leithreas, chuaigh sé chuig an doirteal, chuir an sconna ar siúl agus bhuail boslach d’uisce ar a éadan. D’fhéach sé isteach sa scáthán – lánaghaidhe ar dtús, agus leathaghaidh ina dhiaidh sin. Bhí cuma na haoise air. Bhí sé bán agus traochta. Ina sheasamh, bhraith sé laige a choirp agus chonaic súile a raibh cochaill de thuirse orthu os cionn a fhéasóg lae. Ag breathnú ar na braoiníní uisce ina rith lena ghrua agus ag sileadh isteach sa doirteal, pholl smaoineamh eile a intinn. “M’óige” a smaoinigh sé. “ Tá m’óige ag dul le fána. Ar chaitheas é go maith?”
Thriail sé ruaig a chur ar na smaointe seo agus smaointe eile a chur ina áit. Bhí sé ag iarraidh é féin a scáthú ón gceist, óir bhí eagla air roimh an bhfreagra. Mar sin, bháigh sé é féin in obair tí. Chuaigh sé ar ais chuig a sheomra agus chaith uair ag glanadh suas. Tógadh bruscair amach go dtí na boscaí bruscair, cuireadh éadaí salacha sa níochán agus tugadh braillíní deasa míne don leaba. Áfach, chomh luath agus a bhí sé déanta, d’ardaigh an cheist go barr a intinne aríst, agus ceann nua in éineacht leis: An bhfuilim i mo bheatha ar chor ar bith? “Seafóid. Éirigh as.” a smaoinigh sé. Agus a sheomra glanta aige, chuaigh sé síos staighre agus thosaigh ag glanadh na cisteanaí, agus an chuid eile den teach, fad a sheachain sé an cheist. Cúpla uair an chloig níos deireanaí, chríochnaigh sé a chuid oibre agus chuaigh ar ais chuig a sheomra. Ach bhí an cheist fós ann. Bhí sé ar nós seabhac ar foluain agus é ag tíocht aníos de ruathar chun piocadh ar chreach. Bhraith sé cráite aige agus ag an mothúchán don fholús a spreag é. “Stop. Stop!” ar seisean de chogar íseal fad a bhí an crá ag dul i láidreacht. Phreab sé in airde, chuaigh chuig a dheasc, thóg amach leabhar, thosaigh ag léamh, ach theip air. Thit an leabhar as a lámha. “Ní mór dom fanacht socair.” a smaoinigh sé. Chrom sé síos ar lorg an leabhair. Fuair sé é, sheas suas agus bhain torann as an deasc lena chloigeann. Tháinig fearg air agus rad an leabhar trasna an tseomra. Chaith sé é féin siar sa gcathaoir adhmaid agus chuimil cúl a chinn. Sheas an cheist díreach os a chomhair anois agus d’fhéach idir an dá shúil air. Ní fhéadfadh sé é a sheachaint níos mó. Bhí stoirm i bhfad níos measa ná an stoirm lasmuigh ag séideadh trína shaol faoi láthair. Thost sé, agus leag a intinn ar an sruth smaointe a d’éirigh óna aigne.
“Tá a fhios agam tuige go mbraithim go hainnis.” a smaoinigh sé. “Braithim go hainnis toisc nach bhfuil saol agam. Ithim. Ólaim. Codlaím. Tarraingím anáil. Níl neart agamsa ar na rudaí seo. Ach, ina dhiaidh sin is uile, dá bhfeicfeadh éinne mo shaol, ní thabharfaidís saol air. Neamhní fánach atá ann. Tá sé folamh ó shaoirse agus eachtraíocht.
Tá sé ina chúrsa leamh réidh nach ngabhanns isteach nó amach. Spontáineacht? Go hannamh. Sonas? Ar éigiean. Braithim go bhfuil easpa treorach agam. Braithim nach bhfreastalaím ar thada, ach inneall a bhaineanns mo luach asam. Ní fhaighim gaisce pearsanta nó sásamh ar ais uaidh. An t-aon rud amháin a thaispeánanns mo shaothar ná na figiúirí bainc istigh i gcuntas dhuine éigin eile. Sa deireadh, nuair atáim ídithe, fágfar i mo luí, i mo splíonach, ar leataobh sráide. Ach ní hé sin an chuid is measa de. Cuirim an méid beag óige atá agam amú os chomhair scáileáin a thaispeánanns rudaí nach bhfuil ann. Malartaím leadhbanna m’óige — am nach féidir liom a fháil ar ais – chun airgead nó pléisiúr neamhbhuan a fháil. I ndeireadh na dála, tá mo shaol ag dul le fána.”
Léim an mothú folúis, a bhí ag déanamh stalcaireachta air go nuige seo, agus rug air. Tháinig tocht air le teann neirbhíse. Chroith sé ó bhun go barr. Mhothaigh sé go raibh sé i sáinn. Bhí eagla air go raibh sé ag cailleadh amach ar shaol. Thosaigh sé ag fánaíocht thart ar a sheomra gan aird ar aon rud. Theastaigh uaidh rud éigin a dhéanamh le léiriú dó féin go raibh sé beo. “Ach céard?” a smaoinigh sé. Chuimil sé cúl a chinn go himníoch agus é ag steachailt lena anáil a tharraingt. “Céard? Céard is féidir liom a dhéanamh!?” Stop sé. “Tá aer uaim.” D’oscail sé an fhuinneog le bolgam aeir a fháil. Tharraing sé cúpla anáil dhomhain agus chuaigh chun suaimhnis. Chuir sé a dhá lámh trasna ar a chéile ar fhráma na fuinneoige, leag a chloigeann orthu agus d’fhéach amach. Ní raibh sé chomh gaofar nó chomh fliuch taobh amuigh is a bhí sé níos luaithe. Bhí duilleoga agus craobhacha spréite i locháin uisce thall is abhus. Thug sé faoi deara preabarnach na gcrann seoil agus scréach ghéar na bhfaoileán os cionn na cé. Rinne sé machnamh ar an bhfarraige agus na mianta a bhí borradh ann fúithi. Bhuail smaoineamh é. “Aisling.” a smaoinigh sé. “Sea! Aisling! Tabharfaidh sí póg na beatha dom.”
Agus an smaoineamh ar snámh ina intinn aige, tháinig mothúchán air, amhail is go raibh sé ag gluaiseacht ar aghaidh, ach a bheith tarraingthe siar go fórsúil ag slabhra éigin. Dhún sé an fhuinneog agus shuigh síos. “Ní féidir liom é a dhéanamh.” a smaoinigh sé. “Ní féidir liom léim ar bhád agus seoladh. Ní liomsa í. Ní hamháin sin, ach, níl ach dornán taithí agam ar sheoltóireacht; agus é a dhéanamh le linn stoirme? Díth céille ceart é!”
Shuigh sé go socair, tharraing isteach aer agus d’éist arís don sruth smaointe ina aigne, amhail is dá mbeadh agallamh ar siúl.
“Is féidir leat é a dhéanamh.”
“Ní féidir.”
“Is féidir.”
“Ní féidir.”
“Tá an taithí agatsa.”
“Níl a dhotháin.”
“Tá a dhotháin eolais agat chun an bád a scaoileadh, an seol a chrochadh agus an bád a stiúradh.”
“Níl a dhotháin eolais agam!”
“Tá a dhotháin eolais agat. D’fhoghlaimís ó léitheoireacht a rinnis ar líne.”
“Ní raibh ann ach teoiric.”
“Más ea, cuir i bhfeidhm é.”
Rith sé leis go raibh an ceart ag an nglór. Bhí a dhotháin eolais aige chun chuile rud a bheadh riachtanach le bád a sheoladh. Chuir na huaireanta de chláir theachtaireachtaí agus físeáin sheoltóireachta ar líne lena cheachtanna roimhe seo. Bhí a fhios aige céard a bhí le déanamh agus cén chaoi é a dhéanamh, ina aonar chomh maith. Bhí maolú ag tíocht ar an stoirm le hársú an lae agus bhí seaicéad tarrthála sa gcófra aige. Is é an rud a choinnigh siar é ó bheart a dhéanamh ná féinamhras agus eagla roimh chliseadh. Shiúil sé siar agus aniar. Bhí a chroí ag líonadh le sceitimíní agus le drogall. Bhuail siad in aghaidh a chéile ann, shocraigh agus d’éirigh arís ar nós tonnta ollmhóra ag tolgadh agus ag briseadh ar charraigeacha an chladaigh. Rinne sé iarracht an ruaig a chur orthu, ach ní fhéadfadh sé; agus chuile uair a d’fhill siad ar ais, d’éirigh a mhian chun beocht a mhothú.
“Déanfad a leitheád.”
“Ní dhéanfad!”
“Déanfad.”
“Ní dhéanfad!”
“Céard a dhéanfair mar sin? Fan anseo, i do sheomra, go dtí go dtiocfaidh an t-idirlíon ar ais? Sáigh an phlocóid shuaimhneasach isteach aríst agus tit isteach i do shean-nósanna fad a leanann an meath ar aghaidh? Éireoir calctha. Éalóir ó shaol. Gheobhair ‘bás’.”
Chuaigh na smaointe seo i gcion go mór air. D’éirigh sé fíorchorraithe. Líon sé le mian chun éirí amach a dhéanamh i gcoinne a dhrochbhaile; chun dreapadh amach as an aibhéis mharbh ina raibh sé, beag beann ar a imní.
Léim sé suas ón gcathaoir.
“Ara, bíodh an diabhal aige!”
Chuir sé air a bhróga, a chóta mór, a chaipín agus a sheaicéad tarrthála. Dheifrigh sé óna sheomra, rith síos staighre agus chuaigh amach an doras tosaigh.
Bhí braonta beaga báistí ag titim anuas ar an gcathair. Ní raibh carr ná corp le feiceáil. Bhog sé leis go bríomhar. Bíodh is go raibh amhras ag tuile agus ag trá ar bhruach a intinne, bhraith sé tiomanta agus beoite. Ar a bhealach chuig Céibh Bhaile Nua, chonaic sé Tomás de Búrca ina sheasamh, a lámh sínte amach go hard aige, amhail is go raibh sé ag tabhairt a bheannachta ar an iarracht. Choinnigh sé leis agus shroich a cheann scríbe.
Scuab an Choirib léi ar nós treasruathair mharcra i gcoinne na mara móire. Shéid siorraí géara gaoithe ar bharr na huiscí scaobacha agus tríd na crainn bháite thart ar An Cladach. D’fhéach sé ar Aisling. Bhí sí ag longadán ar mhullach an uisce, amhail is go raibh sí ar bís le himeacht ar an bhfarraige, ach a bheith srianta le téada tréana an mhullaird. Sula lean sé air, d’análaigh sé tríd a phollairí agus d’easanálaigh tríd a bhéal go mall. Dhíbir sé gach frídín amhrais as a cheann agus, gan faitíos ar bith air, chuaigh i mbun ullmhúcháin.
Scaoil sé Aisling as a feistiú agus léim ar a bord báite. Bhí an crann mór agus an crann scóide ina n-áit cheart cheana féin. Thosaigh sé ag baint an chlúdaigh den sheol. Nuair a bhí sé sin déanta go cúramach aige, agus an rigín ar fad ó thosach go deireadh, chroch sé an seol mór agus bhrúigh an bád amach ón gcé.
Chuaigh sé ar an stiúir. Chuir sruth suaite na Coiribe luas maith faoin mbád agus í ag dul i dtreo an chaolais idir Cé Nimmo agus Pointe na Rinne Móire. Mar a bhocáil an bád, thug sé faoi deara go raibh neart na gaoithe ag séideadh ó dheas. Stiúir sé chuici. Ag coradh agus ag casadh, d’éirigh leis éalú ó bhéal na Coiribe agus tríd an gcaolas, agus thug aghaidh ar an uisce oscailte idir Oileán Rois Mhóir agus Inis Caorach. Ba ghearr gur tháinig allas air. B’obair chrua í gan chabhair, ach níor chuir sí stop leis. B’annamh leis brú a chur ar a ghéaga roimhe seo. Ghoill siad air anois, ach ba phian mhaith í. Mhothaigh sé athspreagthacht ann.
I ndiaidh tamaill, rinne sé dul chun cinn. Bhris sé isteach go Cuan na Gaillimhe agus chuir na seolta tosaigh in airde. Níor streachail sé i gcoinne na gaoithe níos mó, ach sheol léi. Bholg na seolta agus rith Aisling go gasta thar mhórtas na farraige.
Sheol sé sall agus anall sa gcuan, ag iarraidh tíocht ar stiúradh agus luas an bháid. D’fhliuch cáitheadh fuar na mara a aghaidh fad a chuir an ghaoth ghéar ribí nochta a chuid gruaige in aimhréidh. Threabh sé tonnta móra na farraige gan cíos, cás ná cathú air. Bhí a cheachtanna ag tíocht ar ais chuige. Tar éis cuid mhaith cleachtaidh, agus gríosú muiníne, d’ionsaigh sé siar.
De réir a chéile, mar a chuaigh Aisling níos faide amach ar an gcuan, agus luas socair breá fúithi, bhris croí na doininne. Laghdaigh an ghaoth, scaip na scamaill agus scal gathanna na gréine amach ar fholt fiáin na farraige. Ghearr sí roimpi faoi sholas na gréine agus a seolta ar dearglasadh os cionn a cabhlach duibhe dorcha. Ina shrón, bhí boladh na sáile; ina chluas, scréach na bhfaoileán; ina shúile, cladaigh na n-Árainneach ar fhíor na spéire, báite i nglésholas an tráthnóna. Líon a chroí le lúcháir mar a bhreathnaigh sé amach ar áilleacht an radhairc os a chomhair agus d’aithin an tsaoirse a bhí bainte amach aige.
Tháinig deora lena shúile.
“Rinneas é…” a smaoinigh sé.
Bhí bladhm na beatha trí thine ina fhéitheacha. Níor bhraith sé folamh níos mó. Mhothaigh sé go raibh sé ag dul go harda iontacta an tsaoil arís. Rith sé leis nach raibh chuile rud chomh dona is a cheap sé. Cé nach raibh a shaol mar a theastaigh uaidh faoi láthair, d’fhéadfadh sé é a chur ina cheart go fóill. Chruthaigh sé an fhéidearthacht sin dó féin innu, le hAisling. Ní raibh sé dódhéanta a thuilleadh.
“Nuair a fhillim ar an mórthír, athród chuile rud.” a smaoinigh sé. “Fágfad mo phost. Díolfad mo ríomhaire. Seolfad!”
An tráthnóna sin, leis an bhfuineadh gréine, dá mbeifeá ag an gCladach, bhí gleoiteog le feiceáil ag tíocht i dtír, agus lasta lúcháireach ar bord.

Leave a comment